Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Tógadh Dónalll ar fheirm agus bhí a athair ag tógáil eallaigh agus caorach. Bhí níos mó dúil ag Dónalll ins an obair sin ná mar a bhí aige ar an scoil. Ba ghnách lena athair caoirigh a “dippáil”. Threabhaigh sé le péire beithíoch fosta.
In 1956 fuair Dónalll post mar chigire caorach agus d’oibir sé ag sin ar feadh aon bhliain déag agus fiche gur theip a shláinte air. | 00:04:40 | |
Thosaigh Dónalll ag treabh le péire beithíoch nuair a bhí sé sé bliana déag d’aois nuair a d’éirigh a athair ró aosta leis an obair a dhéanamh. Threabhaigh sé acra go minic sa lá. Ba punt sa lá a shaothraigh. Deireann sé rann faoin treabhadh a chum a dheartháir Paddy.
Cur síos ar an obair a bhí le déanamh aige agus an traenáil a bhí le déanamh leis na beithígh. | 00:07:38 | |
Ag dódh cloch aoil agus a chur ar an talamh. | 00:04:05 | |